Déan staidéar in Éirinn
Spás le maireachtáil agus le foghlaim.
Déan staidéar in Éirinn

Oideachas den chéad scoth
Is áit speisialta agus spéisiúil í Éire d’éinne atá ag iarraidh a bheith ag smaoineamh, ag taiscéaladh agus ag foghlaim.
Saibhir ó thaobh cultúir de agus fiosrach go deo, is aoibhinn linn dúshláin a chruthú, díospóireacht a dhéanamh, a bheith ag samhlú agus ag cruthú. Cuireann ár n-ollscoileanna agus ár gcoláistí feabhas acadúil le chéile le haghaidh eispéiris chlaochlaitheacha do mhic léinn. Má tá iarchéim ghinearálta nó saincháilíocht á lorg agat, tá tairiscint ag Éirinn duit a sholáthróidh sárthorthaí oideachais agus a thabharfaidh difríocht duit i gcomparáid le hiarratasóirí eile. Bhaineamar stádas amach mar cheannaire taighde domhanda i réimsí amhail an cheimic, an nanaitheicneolaíocht, an imdhíoneolaíocht, an talmhaíocht, eolaíocht na n-ábhar agus an mhatamaitic.

Staidéar agus Taighde
Cén fáth a ndéanfainn staidéar in Éirinn?
Tá cáil dhomhanda ar Éirinn i dtaca le hoideachas d’ardchaighdeán bunaithe ar bhunús láidir de thiomantas i gcomhair feabhais. Cuirimid timpeallacht oideachais den chéad scoth ar fáil i mBéarla, chomh maith le córas láidir tacaíochta agus saol spraíúil agus gníomhach do mhic léinn. In Éirinn, tá roghanna éagsúla agat, ó staidéar gearrthéarma a dhéanamh thar lear go staidéir chéimithe speisialaithe. Anuas ar an gcáil i dtaca le feabhas acadúil agus an rogha, mealltar mic léinn go hÉirinn de bharr ár bhfréamhacha doimhne cultúrtha, de bharr na n-imeachtaí allamuigh éagsúla agus de bharr an daonra óig bhríomhair. Agus cáil uirthi toisc gur tír ‘na gcéadta míle fáilte’ í, samhlaítear Éire leis an dea-chaint, an intleacht agus an díospóireacht fhuinniúil i gcónaí. Tugann staidéar in Éireann an deis uathúil duit oileán atá saibhir ó thaobh oidhreachta agus codarsnachtaí ildaite de a thaiscéaladh. Cuireann institiúidí Éireannacha intleachtóirí agus ceannairí smaoinimh cáilithe ar fáil i gcónaí, daoine a thugann inspioráid don domhan, a shoilsíonn é agus a dhéanann siamsa dó. Ciallaíonn an cinneadh chun staidéar a dhéanamh in Éirinn go mbeidh tú ag glacadh ballraíochta sa líon mac léinn idirnáisiúnta, atá ag méadú, a dhéanann an rogha chun a gcuid féidearthachta a uasmhéadú, agus iad ag fáil fáilte nach bhféadfar teacht uirthi áit ar bith eile ar domhan.

An Phríomh-Oifig Staidrimh
Is í an Phríomh-Oifig Staidrimh oifig staidrimh náisiúnta na hÉireann agus tá sé mar chuspóir againn staitisticí a bhailiú, a anailísiú agus a chur ar fáil go neamhchlaonta maidir le daoine, le sochaí agus le geilleagar na hÉireann.

An Roinn Oideachais
Baineann misean na Roinne Oideachais le páistí agus le daoine óga a chumasú, tríd an bhfoghlaim, chun a gcuid féidearthachta iomláine a bhaint amach agus chun cur le forbairt shóisialta, eacnamaíoch agus chultúrtha na hÉireann.

An Roinn Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta
Maoiníonn an Roinn Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta an t-ardoideachas, an breisoideachas agus na hearnálacha taighde agus cruthaíonn sí polasaithe dóibh.

Oideachas in Éirinn
Cuireann sé Institiúidí Ardoideachais na hÉireann chun cinn thar lear.

An tÚdarás um Ardoideachas
Forbraíonn sé ardoideachas agus córas taighde na hÉireann.

An Chomhairle um Thaighde in Éirinn
Éascaíonn sé agus cothaíonn sé pobal taighde bríomhar in Éirinn trí thacaíocht a thabhairt do thaighdeoirí iontacha sna disciplíní go léir.

Fondúireacht Eolaíochta Éireann
Maoiníonn sé taighde bunúsach agus taighde feidhmeach i réimsí na heolaíochta, na teicneolaíochta, na hinnealtóireachta agus na matamaitice.

Aontas Náisiúnta na Mac Léinn Éire
Déanann sé ionadaíocht do 374,000 mac léinn san oideachas tríú leibhéal ar Oileán na hÉireann.