Gradam Scothsheirbhíse an Uachtaráin 2021
Eolas ar an nGradam
Bronnann an tUachtarán Gradam Scothsheirbhíse an Uachtaráin do na hÉireannaigh Thar Lear gach bliain. Tugann sé aitheantas do sheirbhís a tugadh son tír seo nó do phobail Éireannacha thar lear acu siúd a chónaíonn lasmuigh d’Éirinn.
Ní córas gradam atá sa Ghradam. Ní thugann sé aon teidlíochtaí dlíthiúla nó sochair, lena n-áirítear saoránacht Éireannach.
Eolas ar ainmnithe
Bíodh siad ina saoránaigh Éireannacha, i dteideal saoránacht Éireannach nó ó chúlra Éireannach, déanann dianobair, fuinneamh agus tiomantas na n-ainmnithe rannchuidiú luachmhar do shaol daoine agus tá ár mbuíochas agus meas tuillte acu.
Cé is féidir a ainmniú?
Ní féidir ach daoine atá ina gcónaí lasmuigh d’oileán na hÉireann a ainmniú don Ghradam. Ní mór:
Seirbhís iomráiteach a bheith tugtha acu d’Éirinn agus/nó dá cáil thar lear;
Rannchuidiú a bheith tugtha acu d’Éirinn agus/nó dá cáil idirnáisiúnta, agus/nó do phobail Éireannacha thar lear i gceann amháin ar a laghad de na catagóirí atá liostaithe thuas
Tacaíocht agus rannpháirtíocht a bheith tugtha acu d’Éirinn agus/nó dá cáil idirnáisiúnta, agus/nó do phobail Éireannacha thar lear ar feadh cúig bliana ar a laghad nó seirbhís fhada iomráiteach a bheith tugtha acu ar cheist thábhachtach dhomhanda nó idirnáisiúnta.
Cé go bhfuil an scéim ar oscailt do gach duine atá ina gcónaí taobh amuigh d’Éirinn, tá sí dírithe go príomha ar shaoránaigh Éireannacha, orthu siúd atá i dteideal saoránacht Éireannach agus ar dhaoine de shliocht Éireannach a bhfuil seirbhís fhada iomráiteach tugtha acu d’Éirinn nó do phobail Éireannacha thar lear nó ar cheist thábhachtach dhomhanda nó idirnáisiúnta.
Cé a dhéanann cinneadh maidir leis na hainmniúcháin?
Déantar na hainmniúcháin don Ghradam trí líonra ár nAmbasáidí, agus déanann Painéal Ardleibhéil iad a mheasúnú. Molann an Painéal suas le 10 nduine san iomlán gach bliain ó na hainmniúcháin sin. Is iad seo na catagóirí faoinar féidir daoine a ainmniú:
Na hEalaíona, Cultúr agus Spórt;
Gnó agus Oideachas;
Obair Charthanach;
Tacaíocht don Phobal Éireannach;
An tSíocháin, Athmhuintearas agus Forbairt;
Eolaíocht, Teicneolaíocht agus Nuálaíocht (catagóir sa bhreis a tugadh isteach in 2016).
Cuireann an Painéal a moltaí ansin faoi bhráid an Rialtais lena bhformheas.
An coincheap
Tá an Gradam bunaithe ar choincheap dorais oscailte a théann chuig tírdhreach na hÉireann. Taispeánann sé seo nádúr fáilteach mhuintir na hÉireann agus Éireann mar náisiún

Ag déanamh an Ghradaim
Déantar an ghradaim as crua-adhmaid Éireannacha agus ábhair eile a fhaightear go háitiúil, ag baint úsáid as meascán de theicneolaíochtaí nua-aimseartha agus traidisiúnta ag Institiúid Teicneolaíochta na Gaillimhe-Maigh Eo Leitir Fraic.
Na dearthóirí
Dearadh an gradam ag Spear Product Design, stiúideo deartha ildisciplíneach a bhfuil duaiseanna buaite acu lonnaithe i mBaile Átha Cliath.
Gradaim 2020
Na hEalaíona, Cultúr agus Spórt
Jack Charlton (deceased - Britain)
James W. Flannery (US)
Mitsuko Ohno (Japan)
Fiona Shaw (Britain)
Gnó agus Oideachas
Michael J. Dowling (US)
Tacaíocht don Phobal Éireannach
Sr. Louise Horgan (Thailand)
Alice Kennedy (deceased – Britain)
Dermot O’Leary (Britain)
Irish Community Support
Loretta Cosgrove (Australia)
An tSíocháin, Athmhuintearas agus Forbairt
William Duncan (The Netherlands)
Sr. Patricia Murray (Italy)
Fr. Kevin O’Hara (Nigeria)
Eolaíocht, Teicneolaíocht & Nuálaíocht
Michael Ryan (Switzerland)
Dennis J. Slamon (US)
Presidential Distinguished Service Award Recipients from 2012 to 2020 inclusive
Déantar ainmniúcháin don Ghradam Scothsheirbhíse an Uachtaráin trí líonra Ambasáidí na hÉireann.
An t-ainmniúchán
Cuir an fhoirm ainmniúcháin comhlánaithe chuig Ambasáid na hÉireann den tír a bhfuil cónaí ar d’ainmní.
PDSA 2021 Nomination Form (Foirm Ainmniúcháin GSU 2021 - Íoslódáil le comhlánú, mar tá seans ann nach mé tú in ann réimsí a shábháil i do bhrabhsálaí)
Déan cinnte go gcuimsíonn d’ainmniúchán na rudaí seo a leanas:
1. An catagóir faoina ndéantar an t-ainmniúchán.
2. Sonraí chúlra d’ainmniúcháin agus an méid a rinne siad d’Éirinn, pobail Éireannacha thar lear, do cháil idirnáisiúnta na hÉireann nó do shaincheist lena mbaineann tábhacht dhomhanda nó idirnáisiúnta.
Ag dul i dteagmháil leis an Ambasáid
Féach liosta iomlán Ambasáidí Éireannacha agus a sonraí teagmhála.
Tabhair faoi deara go bhfuil an Roinn Gnóthaí Eachtracha cumhdaithe ag an Acht um Shaoráil Faisnéise 2014 de chuid na hÉireann.
Dáta deiridh
Is é Dé hAoine, 6 Lúnasa 2021 an dáta deiridh le haghaidh ainmniúcháin ag Ambasáidí.
Táthar ag súil go bhfógrófar na hainmniúcháin ar éirigh leo i mí Dheireadh Fómhair 2021.