Foireann na hÉireann

De bharr cur chuige Fhoireann na hÉireann tá Ranna Rialtais agus Gníomhaireachtaí Stáit ag obair go dlúth le Páirtithe Leasmhara Éireannacha eile chun ár gcáil idirnáisiúnta a neartú agus chun forbairt trádála, turasóireachta, infheistíochta, eolaíochta, teicneolaíochta agus nuálaíochta, cultúir agus oideachais a chur chun cinn. Gach uile lá, tá Foireann na hÉireann ag obair thar lear, le cúnamh foirne tacaíochta sa bhaile, chun deiseanna nua d’Éireann a aithint agus leas a bhaint astu.

Is ardán mór d’Fhoireann na hÉireann é Expo 2020. Tá an Roinn Gnóthaí Eachtracha ag obair le Ranna Rialtais, Gníomhaireachtaí Stáit, gnó, ealaíon agus cultúir, an saol acadúil agus na tionscail chruthaitheacha chun láithreacht tionchair na hÉireann a chinntiú.

Beidh ról mór ag Ranna Rialtais, Gníomhaireachtaí agus páirtithe leasmhara Éireannacha eile in Éire@Expo, trí láithreoireachtaí buana ag Pailliún na hÉireann, rannpháirtíocht i seachtainí ábhartha théamacha an Expo, straitéisí tiomnaithe cumarsáide don Expo, imeachtaí spriocdhírithe ag Pailliún na hÉireann a óstáil, go minic ag an am céanna le seónna trádála móra ar siúl in Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha, agus imeachtaí comhoibríocha le rannpháirtithe idirnáisiúnta eile a óstáil.

Is é príomhghné de rannpháirtíocht na hÉireann leis an Expo ná freastal agus rannpháirtíocht na nAirí thar na sé mhí.