Ár dTéama
Is oileán na hinspioráide í Éire agus is foinse cruthaitheachta agus nuálaíochta í le 5,000 bliain.
Is oileán na hinspioráide í Éire agus is foinse cruthaitheachta agus nuálaíochta í le 5,000 bliain.
Cuireann téama na hÉireann ár stair agus ár gcultúr in iúl, ach tugann sé aghaidh freisin ar cheist ríthábhachtach an chine daonna in aois na hintleachta saorga agus na róbataice atá le teacht. Cothaíonn an chruthaitheacht comhbhá, comhcheangailteacht dhaonna agus pobal. Éascaíonn léiriú cruthaitheacha cur chuige neamh-ionsaitheacha i leith na héagsúlachta agus cuireann sé meán ar fáil chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin chasta phearsanta agus shochaíocha.
Is é seo an cás atá á dhéanamh againn ag Expo Dubai: an tábhacht a bhaineann le cruthaitheacht a chur i lár thaithí an duine sa 21ú haois.
Tacaíonn ár dtéama le téama foriomlán Expo 2020, Ag Ceangal Intinní, Ag Cruthú na Todhchaí. Tá sé mar uaillmhian againn an smaoineamh seo a thabhairt isteach i ndíospóireacht agus i bplé thar na sé mhí de chláir Expo, agus ceist na cruthaitheachta daonna a chur maidir le leas an chine daonna amach anseo.

Réamhrá ar Éirinn ag Expo 2020
