Straitéis na hÉireann um Meiriceá Laidineach agus réigiún Mhuir Chairib go dtí 2025

12 Meán Fómhair 2022

Samhlaíonn Straitéis na hÉireann um Meiriceá Laidineach agus réigiún Mhuir Chairib go dtí 2025 rannpháirtíocht a mhéadú leis na trí thír is tríocha i Meiriceá Laidineach agus réigiún Mhuir Chairib.

Déanann an straitéis na naisc stairiúla atá ag Éirinn leis an réigiún MLC a chur san áireamh chomh maith leis an deis shuntasach naisc a leathnú sna réimsí trádála, cultúir, oideachais agus réimsí eile. Léiríonn sí freisin doimhniú an chaidrimh atá ag Éirinn leis an réigiún le roinnt blianta anuas.

Aimseoimid bealaí nua níos cliste chun oibriú leis na trí thír is tríocha atá sa réigiún agus muid ag iarraidh todhchaí níos sábháilte, níos cothroime agus níos inbhuanaithe a thógáil i gcomhar le chéile. Cuirfimid malartuithe nuálacha polaitiúla, eacnamaíocha, cultúrtha agus duine le duine i gcroílár ár gcuid iarrachtaí – bíodh siad sin ar leibhéal déthaobhach, ar leibhéal an Aontais Eorpaigh nó ar leibhéal iltaobhach.

Léigh an straitéis iomlán thios:

Global Ireland: Ireland’s Strategy for Latin America and the Caribbean to 2025

Éire Dhomhanda: Straitéis na hÉireann um Meiriceá Laidineach agus réigiún Mhuir Chairib go dtí 2025

Irlanda Global Estrategia de Irlanda para Latinoamérica y el Caribe hasta el año 2025

Irlanda Global Estratégia da Irlanda para a América Latina e Caribe para 2025