Déan staidéar in Éirinn

Spás le maireachtáil agus le foghlaim.

Déan staidéar in Éirinn

Mic léire ag gáire lena chéile agus iad ina suí ar an bhféar lena málaí droma timpeall orthu.

Oideachas den chéad scoth

Is áit speisialta agus spéisiúil í Éire d’éinne atá ag iarraidh a bheith ag smaoineamh, ag taiscéaladh agus ag foghlaim.

Saibhir ó thaobh cultúir de agus fiosrach go deo, is aoibhinn linn dúshláin a chruthú, díospóireacht a dhéanamh, a bheith ag samhlú agus ag cruthú. Cuireann ár n-ollscoileanna agus ár gcoláistí feabhas acadúil le chéile le haghaidh eispéiris chlaochlaitheacha do mhic léinn. Má tá iarchéim ghinearálta nó saincháilíocht á lorg agat, tá tairiscint ag Éirinn duit a sholáthróidh sárthorthaí oideachais agus a thabharfaidh difríocht duit i gcomparáid le hiarratasóirí eile. Bhaineamar stádas amach mar cheannaire taighde domhanda i réimsí amhail an cheimic, an nanaitheicneolaíocht, an imdhíoneolaíocht, an talmhaíocht, eolaíocht na n-ábhar agus an mhatamaitic.
An Seomra Fada sa leabharlann i gColáiste na Tríonóide.

Staidéar agus Taighde

Cén fáth a ndéanfainn staidéar in Éirinn?

Tá cáil dhomhanda ar Éirinn i dtaca le hoideachas d’ardchaighdeán bunaithe ar bhunús láidir de thiomantas i gcomhair feabhais. Cuirimid timpeallacht oideachais den chéad scoth ar fáil i mBéarla, chomh maith le córas láidir tacaíochta agus saol spraíúil agus gníomhach do mhic léinn. In Éirinn, tá roghanna éagsúla agat, ó staidéar gearrthéarma a dhéanamh thar lear go staidéir chéimithe speisialaithe. Anuas ar an gcáil i dtaca le feabhas acadúil agus an rogha, mealltar mic léinn go hÉirinn de bharr ár bhfréamhacha doimhne cultúrtha, de bharr na n-imeachtaí allamuigh éagsúla agus de bharr an daonra óig bhríomhair. Agus cáil uirthi toisc gur tír ‘na gcéadta míle fáilte’ í, samhlaítear Éire leis an dea-chaint, an intleacht agus an díospóireacht fhuinniúil i gcónaí. Tugann staidéar in Éireann an deis uathúil duit oileán atá saibhir ó thaobh oidhreachta agus codarsnachtaí ildaite de a thaiscéaladh. Cuireann institiúidí Éireannacha intleachtóirí agus ceannairí smaoinimh cáilithe ar fáil i gcónaí, daoine a thugann inspioráid don domhan, a shoilsíonn é agus a dhéanann siamsa dó. Ciallaíonn an cinneadh chun staidéar a dhéanamh in Éirinn go mbeidh tú ag glacadh ballraíochta sa líon mac léinn idirnáisiúnta, atá ag méadú, a dhéanann an rogha chun a gcuid féidearthachta a uasmhéadú, agus iad ag fáil fáilte nach bhféadfar teacht uirthi áit ar bith eile ar domhan.