Mair in Éirinn

Faighimid spreagadh ón dúlra, ón oidhreacht agus ó scéalta - cultúr a bhfuilimid bródúil as agus é á roinnt againn. Is oileán inspioráideach í Éire.

Mair in Éirinn

Triúir ag foghlaim faoin ngnáthóg áitiúil taobh amuigh de theachín.

Áit iontach le cónaí inti

Conas atá an saol in Éirinn?

Is tír thar a bheith álainn í Éire agus tá cáil ar na hÉireannaigh as a gcuid díograise, a gcuid acmhainne, a ngreann agus a gcuid samhlaíochta. Tá Éire báite sa stair agus sa mhiotaseolaíocht. Tá traidisiún na cruthaitheachta againn agus léirítear sin tríd an ealaín, ceol, damhsa, drámaíocht, litríocht agus scannáin. Is breá linn a bheith ag imirt, ag roinnt, ag dul san iomaíocht agus ag dul i ngleic le dúshláin. Tá meas againn ar ár mbraistint phobail agus is breá linn an éagsúlacht. Creidimid gur cheart go mbeadh an obair agus an saol ag réiteach lena chéile. Éire – áit iontach le cónaí inti.