Beartas Príobháideachais

Faisnéis a bhaineann le custaiméirí uile na Roinne Gnóthaí Eachtracha.

Tá sé riachtanach don Roinn méideanna suntasacha sonraí pearsanta ónár gcustaiméirí, foireann agus soláthraithe seirbhísí a bhailiú, a phróiseáil agus a stóráil. Go sonrach, is cuid lárnach den obair a dhéanann an Roinn seirbhísí pas agus consalachta a chur ar fáil do shaoránaigh Éireannacha sa bhaile agus thar lear agus bíonn riachtanas ag baint leis sin sonraí pearsanta a phróiseáil.

Is iad na hAchtanna um Chosaint Sonraí 1988 - 2018 agus an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí 2016/679 (RGCS) an reachtaíocht reatha do Chosaint Sonraí in Éirinn. I gcomhréir leis an RGCS mar a thugtar tuilleadh éifeachta i gCuid 3 den Acht um Chosaint Sonraí 2018, is ‘rialaitheoir sonraí’ í an Roinn agus, mar sin de, tá freagrachtaí suntasacha aici le cearta na n-ábhar sonraí a chinntiú agus le sonraí pearsanta próiseáilte a chosaint. Sainítear sonraí pearsanta sa RGCS mar ‘aon fhaisnéis a bhaineann le duine nádúrtha sainaitheanta nó inaitheanta (duine is ábhar do na sonraí)’.

Tá an Roinn Gnóthaí Eachtracha tiomanta go hiomlán do na sonraí pearsanta a thugann a cuid custaiméirí di a choinneáil slán agus sábháilte le linn próiseas riaracháin. Tá na bearta riachtanacha teicniúla ar fad curtha i bhfeidhm chun slándáil agus sábháilteacht na gcóras ina gcoinnítear na sonraí seo a chinntiú.

Tá follasacht agus oscailteacht maidir le húsáid sonraí pearsanta tábhachtach don Roinn agus mar sin, tá sé i gceist againn ár gcustaiméirí uile a choinneáil ar an eolas faoin gcúis nó faoi na cúiseanna agus faoin bhfáth a n-úsáidfear a gcuid sonraí, faoi na háiteanna eile a bhféadfaí a gcuid sonraí a roinnt agus faoin bhfáth, agus faoin achar ar féidir leis an Roinn a gcuid sonraí a choinneáil.

Is é Kieran Houlihan an tOifigeach Cosanta Sonraí don Roinn. Má tá ceist nó gearán agat maidir le ceist cosanta sonraí, is é an bealach is éifeachtaí agus is éifeachtúla le teagmháil a dhéanamh le Foireann Cosanta Sonraí na Roinne ná trí ríomhphost a chur chuig data.protection@dfa.ie.

De rogha ar sin, mura féidir leat teagmháil a dhéanamh leis an oifig seo trí ríomhphost, thig leat dul i dteagmháil leis an bhFoireann Cosanta Sonraí mar seo a leanas:

An tOifigeach Cosanta Sonraí,
An Roinn Gnóthaí Eachtracha
76-78 Sráid Fhearchair,
Baile Átha Cliath 2,
D02 DX45
Éire.

Cearta an duine aonair maidir le sonraí pearsanta a choinníonn an Roinn:

Nuair a thugann tusa, mar chustaiméir, sonraí pearsanta don Roinn tá cearta faoi leith ar fáil duit i dtaca leis na sonraí sin. Leagtar amach thíos na cearta sin agus is féidir iad a chur i bhfeidhm trí theagmháil a dhéanamh leis an Oifigeach Cosanta Sonraí, agus a chur in iúl cé na cearta is mian leat a chur i bhfeidhm:

  • ceart le bheith ar an eolas agus ceart rochtana;
  • ceart coigeartaithe;
  • ceart scriosta;
  • ceart srianta próiseála;
  • ceart iniomparthachta sonraí;
  • ceart le cur i gcoinne próiseála;
  • cearta maidir le cinnteoireacht agus próifíliú uathoibrithe.

Is é an bealach is éasca chun iarraidh a dhéanamh chuig an Roinn seo maidir le do shonraí pearsanta, lena n-áirítear Iarraidh ar Rochtain Sonraí, ná ríomhphost a chur chuig data.protection@dfa.ie.

Tá tuilleadh eolais mhionsonraithe ar do chearta faoin RGCS ar fáil ón gCoimisiún um Chosaint Sonraí.

Tá ceart agat gearán a dhéanamh leis an gCoimisiún um Chosaint Sonraí má cheapann tú go bhfuil próiseáil do shonraí pearsanta in aghaidh RGCS.

Ba chóir gearáin a dhéanamh i scríbhinn agus a chur chuig:

info@dataprotection.ie

An Coimisiún um Chosaint Sonraí,

21 Cearnóg Mhic Liam Theas,

Baile Átha Cliath 2,

D02 RD28

Éire.

Tá deasc chabhrach i bhfeidhm ag an gCoimisiún um Chosaint Sonraí chomh maith, ar féidir teagmháil a dhéanamh leis ag 0761 104 800 nó Íosghlao 1890 252231