Events Imeachtaí

Easter Monday Synchronised Wreath-laying Ceremonies in Dublin Searmanais Fleascleagain Chomhthrátha i mBaile Átha Cliath ar Luan Cásca

  • Start / Tús:
  • 28.03.16 12:45

Synchronised wreath-laying ceremonies will take place at 12.45pm at six iconic sites associated with the Easter Rising in Dublin.

Beidh searmanais fleascleagain chomhthrátha ar siúl ag 12.45pm ag sé láithreán mór le rá a bhfuil ceangal acu le hÉirí Amach na Cásca i mBaile Átha Cliath.

The ceremonies begin at 12.45pm and finish at 1.30pm, wreaths will be laid at 1.15pm.

Wreaths will be laid in the following locations: Boland's Mill; Jacobs Factory (now the National Archives); Dublin Castle/City Hall; The Four Courts; Royal College of Surgeons; Moore Street and St. James' Hospital.

A Minister will open each ceremony with a brief explanation of the significance of each of the locations in the Rising.

Two wreaths will be laid at each location at precisely 1.15pm, the time when the first shots of the Rising were fired.

The wreath-laying ceremonies will incorporate a formal military ceremonial element and a minute of silent reflection.

These events are open to the public and a small number of seats will be provided at each location for those who require one.

There will be an ISL interpreter at these events.

Download the Dublin event map for Easter Monday.

Leagfar fleasca ag na háiteanna seo a leanas: Muilte Uí Bheoláin; Monarcha Jacob (An Chartlann Náisiúnta anois); Caisleán Bhaile Átha Cliath/Halla na Cathrach; na Ceithre Chúirt; Coláiste Ríoga na Máinlianna; Sráid an Mhúraigh agus Ospidéal San Séamas.

Osclóidh Aire gach searmanas le míniú gairid ar thábhacht gach ceann de na háiteanna san Éirí Amach.

Leagfar dhá fhleasc ag gach áit cruinn díreach ag 1.15pm, an t-am ar scaoileadh na chéad urchair san Éirí Amach.

Mar chuid de na searmanais fleascleagain reáchtálfar searmanas foirmiúil míleata agus nóiméad machnaimh chiúin.

Cuirfear fáilte roimh an bpobal chuig na himeachtaí seo agus cuirfear líon beag suíochán ar fáil i ngach áit dóibh sin a dteastóidh siad uathu.

Íoslódáil léarscáil na n-imeachtaí i mBaile Átha Cliath do Luan Cásca.


Information

Eolas

Are these events open to the public? Yes. Each location will have a designated public standing area.

How do I get there? To plan your public transport journey for each location please visit Transport for Ireland.

Are they family friendly? These are formal ceremonies but may nonetheless be interesting to young children.

What about car parking? Use of public transport is strongly advised. 

Is there a charge? No.

 

For FAQs and essential information on other key events, see here.

An bhfuil fáilte roimh an bpobal ag an himeachtaí seo? Tá. Beidh limistéar seasaimh sainithe don phobal ag gach láthair.

Conas a bhainim an áit amach? Amharc ar Transport for Ireland chun d’aistear ar an gcóras iompair phoiblí a phleanáil chuig gach láthair.

An bhfuil na himeachtaí oiriúnach do theaghlaigh? Is searmanais fhoirmiúla iad seo ach, mar sin féin, d’fhéadfaidís a bheith suimiúil do pháistí óga.

Cad faoi charrpháirceáil? Moltar go láidir duit an córas iompair phoiblí a úsáid. 

An ngearrfar táille? Ní ghearrfar.

 

Féach anseo le haghaidh Ceisteanna Coitianta agus eolas riachtanach faoi imeachtaí tábhachtacha eile.

Stay up-to-date Fan ar an eolas


News Nuacht

Follow the latest news from the Ireland 2016 team including updates of events and programme updates.

Faigh an nuacht is déanaí ó fhoireann Éire 2016, imeachtaí nua agus athruithe ar an gclár ina measc.



Partners Comhpháirtithe

Stay up-to-date with our Partners and follow what’s on in your area, helping to commemorate Ireland 2016.

Fan ar an eolas maidir lenár gComhpháirtithe agus an méid a bheidh ar siúl i do cheantar féin chun Éire 2016 a chomóradh.